Cumas Éireann

Maidir linne

Soláthraíonn Cumas Éireann seirbhísí do níos mó ná 3,300 leanbh agus duine fásta faoi chineálacha éagsúla míchumas coirp, céadfach agus intleachta i 30 láthair i 14 réigiún ar fud na tíre. Tá sé mar aidhm acu rogha a thabhairt do leanaí agus do dhaoine fásta faoi mhíchumas a gcuid a dhéanamh sa bhaile, ar scoil, san ionad oibre nó sa tsochaí.

Tá fáthmheas ag gabháil do mhórán daoine a bhaineann leas as seirbhísí Chumas Éireann, mar shampla, Pairilis Cheirbreach, Spina Bifida agus Diostróife Mhatánach Tá ilchineálacha míchumais nó cineálacha míchumais nach bhfuil fáthmheasta ar dhaoine eile. Is eol do na sainfhoirne ag Cumas Éireann go mbíonn riachtanais dhifriúla ar gach duine agus ar gach teaghlach. Oibríonn siad leis an duine agus lena t(h)eaghlach ar phlean i gcomhair gach céime den saol ionas go mbeidh úsáideoirí na seirbhíse chomh neamhspleách agus is féidir agus go mbeidh braistint roghnúcháin agus chuimsitheachta acu agus ina bpobal.

Seirbhísí Leanaí:

Cuireann Cumas Éireann réimse seirbhísí ar fáil do leanaí agus dá dteaghlach i níos mó ná 20 láthair sheirbhíse – sa bhaile, ar scoil, sa phobal áitiúil agus ina ionaid seirbhíse. Comhoibríonn siad i gcomhpháirtíocht le leanaí, lena dteaghlach, le gníomhaireachtaí reachtúla agus le soláthraithe eile seirbhíse. Dírítear ar an leanbh agus ar an teaghlach i gcónaí mar thoradh ar an gcomhpháirtíocht seo.

Go dtí seo, dhírigh Cumas Éireann ar chur ar fáil seirbhísí atá dírithe ar leanaí agus ar theaghlaigh a fheabhsú. Tá siad ag leagan béime freisin, mar gheall ar an díriú níos mó ar an oibriú le leanaí agus le teaghlaigh tráth na n-athruithe, ar thacaíocht a thabhairt dóibh agus iad ag bogadh ar aghaidh ó aois an linbh go hógántacht, agus go haosacht ina dhiaidh sin.

Tá siad seo a leanas ar na seirbhísí do leanaí a chuirtear ar fáil:

  • Fisiteiripe
  • Teiripe Shaothair
  • Hidriteiripe
  • Síceolaíocht
  • Obair Shóisialta
  • Pleanáil Dírithe ar an Duine
  • Teicneolaíocht Chúnta
  • Teiripe Urlabhra
  • Tacaíocht do Theaghlaigh
  • Comhairle faoi Chothú
  • Oideachas sna Luathbhlianta
  • Iompar
  • Faoiseamh
  • Péidiatraic
  • Ortótaic

Conas dul i dteagmháil linn

Is féidir leat dul i dteagmháil le Cumas Éireann ag an seoladh nó ag an uimhir ghutháin a leanas:

Cumas Éireann,
32F Céide Pháirc Chnocán na Rós,
Páirc Gnó Chnocán na Rós,
Bóthar Bhaile Cúlann,
Baile Átha Cliath 11, Éire.

Guthán: + 353 (0)1 872 7155

Téigh ar líne chuig suíomh gréasáin Chumas Éireann ag www.enableireland.ie/parents

Féadfaidh tú naisc a fháil chuig gach ceantar geografach a thaispeántar sa léarscáil ach cliceáil ar an nasc i gcomhair ‘D’Ionad Áitiúil’.

 

 

 

 

 


 

 

 

 

 

 

 

About us

Enable Ireland gives services to over 3,300 children and adults with a range of physical, sensory and intellectual disabilities across over 30 locations in 14 regions nationwide. It aims to give children and adults with disabilities the choice to play their part at home, at school, at work and in society.

Many of the people using Enable Ireland's services have a diagnosis such as Cerebral Palsy, Spina Bifida and Muscular Dystrophy. Others have multiple or undiagnosed disabilities. The expert teams at Enable Ireland know that everyone and every family will have different needs. They work with the individual and their family on a plan for each life stage, so that service users can be as independent as possible and have a sense of choice and inclusion in their community.

Children’s Services:

Enable Ireland offers a range of services to children and their families in over 20 service locations - in the home, school, local community and in their service centres. It works in partnership with children, their families, statutory agencies and other service providers. Working in partnership means keeping the child and family at the centre of what they do and how they do it.

To date, Enable Ireland has focused on improving the delivery of child and family centred services. With a greater focus on working with children and families at times of change, it is also putting an emphasis on supporting them as they move from childhood to adoloscence, and on to adulthood.

Children's services include:

  • Physiotherapy
  • Occupational Therapy
  • Hydrotherapy
  • Psychology
  • Social Work
  • Person Centred Planning
  • Assistive Technology
  • Speech Therapy
  • Family Support
  • Nutrition Advice
  • Early Years Education
  • Transport
  • Respite
  • Paediatrics
  • Orthotics

How to contact us

You cancontact Enable Ireland at the following address or telephone number:

Enable Ireland,
32F Rosemount Park Drive,
Rosemount Business Park,
Ballycoolin Road,
Dublin 11, Ireland.

Tel: + 353 (0)1 872 7155

You can visit the Enable Ireland website at: www.enableireland.ie/parents

You can find links to each geographical area shown in the map by clicking on the link for  'Your Local Centre'.

 

 

 

 

 


 

 

 

 

 

 

 

Snippet Content 5

Health Service Executive Logo Health Services National Partnership Forum Logo National Federation of Voluntary Bodies Logo 
 

  • Informing Families Project, National Federation of Voluntary Bodies,  Oranmore Business Park,  Oranmore, Galway
  • Phone: +353 (091) 792316
  • Fax: +353 (091) 792317
  • Email: info@informingfamilies.ie
© 2024 Informing Families

Search

Search - Use spaces to separate your keywords
03  Thumbnail1