Fondúireacht Leanaí Jack & Jill

Maidir linne

Tugann Fondúireacht Leanaí Jack & Jill cúram agus tacaíocht do leanaí suas le ceithre bliana d’aois a bhfuil mórdheacrachtaí maidir le forbairt néareolaíoch ag gabháil dóibh. Is gnách go mbíonn dianchúram altranais baile de dhíth ar na leanaí a dtugann Fondúireacht Leanaí Jack & Jill tacaíocht dóibh mar gheall ar an riocht atá orthu. Cuireann Fondúireacht Leanaí Jack & Jill faoiseamh ar fáil go díreach freisin do thuismitheoirí agus do theaghlaigh, nó tugann siad cistiú dóibh chun ligean dóibh cúram faoiseamh baile a cheannach. Tugann an Fhondúireacht am do na teaghlaigh seo; am chun rudaí a dhéanamh a ndéanaimid talamh slán díobh go minic, mar shampla, an tsiopadóireacht, a leanaí eile a thabhairt chun na páirce, oíche chodlata, etc.

Más i suíomh nua atá tú le do leanbh úr nó le leanbh níos sine, ná bí buartha – bíonn cúnamh ar fáil i gcónaí. Tá Fondúireacht Leanaí Jack & Jill ann chun cuidiú leat an cháilíocht beatha is fearr a bheith agat agus tú ag tabhairt cúraim do do leanbh.

Más mian leat Altra Idirchaidrimh a aimsiú i do cheantar, tig leat cliceáil ar an nasc a leanas chuig suíomh gréasáin Fhondúireacht Leanaí Jack & Jill:  www.jackandjill.ie/who-we-are/our-nurses/

Ár gcuid Seirbhísí

Cuireann Fondúireacht Leanaí Jack & Jill an dúrud seirbhísí ar fáil, lena n-áirítear na cinn seo a leanas:

  • cuairteanna baile ó altra nó ó oifigeach idirchaidrimh – tá an fhoireann altranais ar fáil ó Luan go hAoine agus déanann siad freastal ar Éirinn ar fad;
  • comhairle faoi chúram a thabhairt do leanbh sa bhaile;
  • comhairle agus faisnéis faoi conas na seirbhísí uile, a d’fhéadfadh a bheith de dhíth ar do leanbh, a rochtain;
  • éisteacht lena bhfuil uait le haghaidh do linbh agus ionadaíocht a dhéanamh duit;
  • cistiú díreach do theaghlaigh chun cúram faoiseamh baile a cheannach;
  • brústocaireacht a dhéanamh ar an Rialtas, ar bhoird sláinte agus ar FSS ar do shon; agus
  • fóram plé do thuismitheoirí trína suíomh gréasáin.  

Conas dul i dteagmháil linn

Tig leat dul i dteagmháil le Fondúireacht Leanaí Jack & Jill tríd an bpost, trí ghlao gutháin, trí fhacs, trí ríomhphost nó trí dhul ar líne chuig a suíomh gréasáin:

Fondúireacht Leanaí Jack & Jill,
Mainéar Bhaile Eoin,
Baile Eoin,
An Nás,
Contae Chill Dara,
Éire.

Guthán: +353 (45) 894538/660
Facs: +353 (45) 894558
R-phost: info@jackandjill.ie
Suíomh Gréasáin: www.jackandjill.ie
 

 

 

About us

The Jack and Jill Foundation offers care and support to children with severe neurological development issues up to the age of four years. The children that the Jack and Jill Foundation support usually need intensive home nursing care due to their condition. The Jack and Jill Foundation also offers respite directly to parents and families, or gives funding to allow them to buy home respite care. The Foundation gives these families the gift of time, time to do the things that we so often take for granted like shopping, taking their other children to the park, a night’s sleep etc.

If you’ve just found yourself in a new situation with your new baby or older child, don’t worry – help is at hand. The Jack and Jill Foundation is here to help you get the best quality of life while caring for your child.

If you want to find a Liaison Nurse in your area, you can click on the following link to the Jack and Jill Foundation website:  www.jackandjill.ie/who-we-are/our-nurses/

Our Services

The Jack & Jill Foundation offers a wide range of services, including:

  • home visits from a nurse or liaison officer - the nursing team is available from Monday to Friday and covers all of Ireland;
  • advice on caring for a child at home;
  • advice and information on how to access all the services your child may need;
  • listening to what you want for your child and representing you;
  • direct funding to families to buy home respite care;
  • lobbying the government, health boards and HSE on your behalf; and
  • a parents' discussion forum through its website.  

How to contact us

You can contact the Jack and Jill Foundation by post, phone, fax, email or by visiting its website:

The Jack and Jill Children's Foundation,
Johnstown Manor,
Johnstown,
Naas,
Co Kildare,
Ireland.

Telephone:+353 (45) 894538/660
Fax:+353 (45) 894558
Email: info@jackandjill.ie
Website: www.jackandjill.ie
 

 

 

Snippet Content 5

Health Service Executive Logo Health Services National Partnership Forum Logo National Federation of Voluntary Bodies Logo 
 

  • Informing Families Project, National Federation of Voluntary Bodies,  Oranmore Business Park,  Oranmore, Galway
  • Phone: +353 (091) 792316
  • Fax: +353 (091) 792317
  • Email: info@informingfamilies.ie
© 2024 Informing Families

Search

Search - Use spaces to separate your keywords
03  Thumbnail1