Comhairle faoi chuardach ar an Idirlíon

Nuair a fháthmheasfar do leanbh maidir le riocht ar leith, féadfaidh tú tuilleadh faisnéise a lorg. D’fhéadfadh an tIdirlíon a bheith ar cheann de na chéad áiteanna ar a ndéanfaidh tú cuardach i gcomhair faisnéise. Ba chóir duit a chuimhneamh i gcónaí, cé go bhfuil an tIdirlíon ina fhoinse mhaith faisnéise, go bhfuil cuid mhór faisnéise air atá sean, neamhiontaofa nó mícheart.

Is tábhachtach a thabhairt faoi deara freisin go mb’fhéidir nach mbainfidh an fhaisnéis a gheobhaidh tú ar an Idirlíon le hábhar maidir le riachtanais do linbh, fiú má phléitear an riocht céanna san fhaisnéis. Ní hionann gach leanbh.

Tá traidhfil leideanna curtha ar fáil againn thíos maidir le cuardach ar an Idirlíon; cuideoidh sé seo leat faisnéis iontaofa chruinn a fháil.

An Fhondúireacht um Shláinte ar an Idirlíon (Health on the Net Foundation)

Cuireadh an Fhondúireacht um Shláinte ar an Idirlíon ar bun chun faisnéis a thabhairt faoi shuíomhanna gréasáin dea-chaighdeáin d’fhaisnéis sláinte.

Tá mórán blianta caite ag an bhFondúireacht um Shláinte ar an Idirlíon i mbun taighde chun na leideanna is fearr a fháil chun cinneadh a dhéanamh i dtaobh chaighdeán na faisnéise a fhaightear ar líne. Seo a leanas cuid de na leideanna a mholann siad:

Leideanna le haghaidh cuardaigh ar an Idirlíon

  • Maidir le suíomhanna gréasáin a bhunaigh an Rialtas nó institiúidí aitheanta, fearacht ospidéal poiblí nó ollscoileanna, is gnách go mbíonn faisnéis orthu a théann chun tairbhe duit agus go dtugtar faisnéis agus leideanna praiticiúla iontaofa orthu go hiondúil.

  • Más féidir, iarr ar dhochtúir nó ar bhall de d’Fhoireann Luath-idirghabhála chun liosta de shuíomhanna gréasáin iontaofa ábhartha a thabhairt duit.

  • Amharc ar níos mó ná suíomh gréasáin amháin i gcónaí chun faisnéis chothromaithe a fháil agus chun faisnéis a sheiceáil.

  • Seiceáil foinse na faisnéise – cé a scríobh an fhaisnéis sláinte; an bhfuil an duine sin cáilithe chun an fhaisnéis seo a thabhairt nó an dtaispeánann siad tagairtí cearta faoi choinne faisnéise a fuair siad áit éigin eile?

  • Déan seiceáil ar bheartas príobháideachais an tsuímh ghréasáin – cén fhaisnéis a bhailíonn siad fút agus, má thugann tú aon fhaisnéis phearsanta, cad a dhéanann siad léi (féadfaidh slám suíomhanna do sheoltaí ríomhphoist a roinnt le daoine eile i gcomhair fógraíochta)?

  • Déan séala deimhniúcháin a lorg ó eagraíocht iontaofa ar nós na Fondúireachta um Shláinte ar an Idirlíon – deimhníonn sé seo go bhfuil an suíomh gréasáin cruinn, cothrom le dáta agus macánta i dtaobh rudaí fearacht a údar, rúndachta, cistiúcháin agus fógraíochta. Cliceáil i gcónaí chun a chinntiú go bhfuil an deimhniúchán bailí. Is féidir leat deimhniúchán suíomh gréasáin a sheiceáil trí leas a bhaint as barra uirlisí HONcode.

  • Bí cúramach gan éilimh nó gealltanais i leith leigheasanna míorúilteacha, drugaí míorúilte agus ráitis eile as cuimse a chreidiúint mura bhfuil cruthúnas iontaofa ar na héilimh seo.

  • Ná glac leis gur comhairle leighis í faisnéis a fhaightear ar an Idirlíon, i leabhar nó in áit éigin eile – ní féidir le duine ar bith ach amháin gairmí leighis comhairle leighis a thabhairt duit tar éis dul i gcomhairle leat agus sonraí a fháil faoi do riocht.

  • Má ordaíonn tú drugaí ó chógaslanna lasmuigh den tír ina bhfuil cónaí ort, ba cheart duit a chinntiú nach bhfuil tú ag sárú an dlí – i gcorrthír, ní cheadaítear cógais a thabhairt isteach ó thíortha eile.

  • Bhí baint ag roinnt cógaslann ar líne le camscéimeanna éagsúla – bí cúramach má bhaineann tú úsáid as na suíomhanna gréasáin seo. Tá deimhniúchán ag cuid mhór cógaslann ar líne i Meiriceá ar a dtugtar Suíomhanna Fíoraithe Idirlín maidir le Cleachtas Cógaisíochta (Verified Internet Pharmacy Practice Sites/VIPPS); is gnách go mbíonn na suíomhanna seo iontaofa.

 

Cód Eitice

Tá a gcód eitice féin ceaptha ag an bhFondúireacht um Shláinte ar an Idirlíon – an HONcode – chun faisnéis iontaofa ardchaighdeáin sláinte a fháil ar an Idirlíon.

Is féidir leat na hocht bprionsabal i leith an chóid seo a léamh thíos chun cabhrú leat faisnéis ardchaighdeáin sláinte a fháil ar an Idirlíon. 

  1. Déan cuardach le haghaidh cháilíochtaí údair na faisnéise sláinte.

  2. Déan cuardach le haghaidh mhisean agus sprioclucht an tsuímh ghréasáin – ba chóir go gcuirfeadh an fhaisnéis leis an gcaidreamh idir an t-othar agus an dochtúir in áit é a ionadú.

  3. Léigh beartas príobháideachais an tsuímh ghréasáin i leith faisnéis phearsanta a thugann cuairteoirí don suíomh gréasáin. 

  4. Déan cuardach le haghaidh fhoinse/fhoinsí na faisnéise sláinte a thugtar, an dáta a foilsíodh í nó an nuashonrú deireanach ar na leathanaigh ar a bhfuil faisnéis sláinte.

  5. Déan machnamh ar na cúiseanna ar éilimh i leith buntáistí nó míbhuntáistí aon táirgí, cóireálacha nó seirbhísí.

  6. Déan cuardach le haghaidh sonraí faoin stiúrthóir Gréasáin nó le haghaidh seoladh teagmhála amháin ar a laghad.

  7. Déan iarracht a fháil amach cé a chuir cistiú ar fáil faoi choinne an tsuímh ghréasáin.

  8. Cinntigh go scartar an t-ábhar fógraíochta agus an t-ábhar eagarthóireachta óna chéile.

 
 

When your child is diagnosed with a particular condition, you may look for more information. One of the first places you may look is the Internet. You should always remember that while the Internet is a great source of information, there is also a lot of information that is out of date, unreliable or incorrect.

It is also important to note that the information you find on the Internet may not be relevant to your child’s own needs, even if the information talks about the same condition. Each child is different.

We have listed below some tips for searching the Internet to help you find reliable and correct information.

Health on the Net Foundation

The Health on the Net foundation was set up to give information on good quality websites for health information.

The Health on the Net Foundation has spent many years researching to find the best tips for deciding if the information you find online is of good quality. Here are some tips that they recommend:

Tips for Internet searching

  • Websites set up by the government or recognised institutions – such as public hospitals or universities – usually give information that is for your benefit and often give practical and reliable information and tips.

  • If possible, ask a doctor or a member of your Early Intervention Team for a list of reliable and relevant websites to visit.

  • Always use more than one website to get balanced information and to check information.

  • Check the source of the information – who wrote the health information; is that person qualified to give this information or do they show proper references for information they got elsewhere?

  • Check the privacy policy of the website – what information about you do they collect and if you give any personal information, what do they do with this (some sites may share your email addresses with others for advertising)?

  • Look for a seal of certification from a trusted organisation like the Health on the Net Foundation – this certifies that the website is accurate, up-to-date, and honest about things like its authors, confidentiality, funding and advertising. Always click to make sure that certification is still valid. You can check the certification of a website using the Honcode toolbar.

  • Be careful not to believe claims or promises of miraculous cures, wonder drugs and other extreme statements, unless there is reliable proof of these claims.

  • Never treat information found on the Internet, in a book or anywhere else as medical advice – only a medical professional can give you medical advice after consulting with you and getting details about your condition.

  • If you are ordering drugs from online pharmacies outside your country, you should make sure that you are not breaking the law – some countries do not allow medications from other countries into their own.

  • Some online pharmacies have been involved in various scams – always be careful when using such sites. Many US online pharmacy sites have certification called the Verified Internet Pharmacy Practice Sites (VIPPS) – these sites are usually reliable.

 

Code of Ethics

The Health on the Net Foundation has developed its own code of ethics – the HONcode – for finding reliable and quality health information on the Internet.

You can read the eight principles of this code below to help you find quality health information on the Internet. 

  1. Look for the qualifications of the authors of the health information.

  2. Look for the mission and target audience of the website – the information should complement and not try to replace the doctor-patient relationship.

  3. Read the website’s privacy policy for personal information that visitors give to the website.  

  4. Look for the source(s) of the health information given, the date when it was published or the last update on the pages with health information.

  5. Think about the reasons for claims about the advantages and disadvantages of any products, treatments or services.

  6. Look for details about the webmaster or for at least one contact address.

  7. See if you can find out who funded the website.

  8. Make sure that there is a separation between the advertising and editorial content of the website

 
 

Snippet Content 5

Health Service Executive Logo Health Services National Partnership Forum Logo National Federation of Voluntary Bodies Logo 
 

  • Informing Families Project, National Federation of Voluntary Bodies,  Oranmore Business Park,  Oranmore, Galway
  • Phone: +353 (091) 792316
  • Fax: +353 (091) 792317
  • Email: info@informingfamilies.ie
© 2024 Informing Families

Search

Search - Use spaces to separate your keywords
03  Thumbnail1