Fáilte go Suíomh Gréasáin Eolas a Thabhairt do Theaghlaigh

 Pictiúr de Katherine O’Leary, Cathaoirleach an Tionscadail, Eolas a Thabhairt do Theaghlaigh, Corcaigh

Fáilte go suíomh gréasáin Eolas a Thabhairt do Theaghlaigh. Fáilte ó chroí romhat.  Chuireamar an suíomh gréasáin seo ar bun chun faisnéis phraiticiúil, thacúil agus úsáideach a thabhairt duit a bheidh in ann cuidiú leat. B’fhéidir go bhfuil do leanbh fáthmheasta maidir le míchumas nó riachtanais bhreise, b’fhéidir go bhfuil tú ag feitheamh ar fháthmheas nó b’fhéidir go bhfuil imní ort go bhféadfadh do leanbh a bheith faoi mhíchumas. Más amhlaidh an cás, tabharfaidh an suíomh gréasáin seo tacaíocht agus eolas duit. Rinne tuismitheoirí agus gairmithe forbairt chúramach ar an suíomh.

 

Ní hionann gach duine

Caithfidh tú a chuimhneamh gur duine aonair é gach leanbh agus go mbeidh eispéiris dhifriúla acu, fiú amháin má tá an riocht céanna orthu agus atá ar leanbh eile. Tá mise i mo mháthair ar cheathrar leanaí agus tá beirt acu faoi mhíchumas. Tá m’iníon, Julie, faoi mhíchumas coirp agus tá mo mhac, Diarmuid, faoi mhíchumas intleachta. Is daoine fásta iad an bheirt acu anois agus, mar sin, glac uaimse é go mbeidh tú in ann aige agus go mbeidh tú sona sásta arís. Níl ann ach go nglacann sé píosa ama chun dul i dtaithí ar an mbealach nua atá romhat. Is minic a dhéanaim machnamh ar an bhfáth ar chaoin mé an oiread sin sa chéad chúpla seachtain. Is iomaí uair anois a bhím ag caoineadh le sonas agus le bród as a gcuid éachtaí. Tóg go réidh é, lá i ndiaidh lae, agus de réir a chéile tosóidh tú ag baint taitnimh as do leanbh agus beidh tú ábalta freastal ar na riachtanais bhreise a d’fhéadfadh a bheith ar do mhac nó ar d’iníon.

Glac d’am leis an bhfáthmheas

Déileálann gach duine leis an nuacht i dtaobh fháthmheas a linbh ar dhóigheanna éagsúla. B’fhéidir go mbeidh difríocht ann freisin maidir le ham an fháthmheasa. B’fhéidir go dtarlódh sé le linn toirchis nó tar éis don leanbh teacht ar an saol. I roinnt cásanna, d’fhéadfadh sé teacht aníos na míonna nó na blianta ina dhiaidh sin. Cibé uair a tharlaíonn sé, ná déan dearmad go bhfuil anrud faisnéise amuigh ansin. Uaireanta, b’fhéidir go gceapfaidh tú go bhfuil do sháith agat, mar sin glac d’am leis an bhfaisnéis. Tá súil againn go gcabhróidh an suíomh gréasáin seo leat agus is deas linn cloisteáil uait am ar bith.

Katherine O'Leary

Tuismitheoir, Cathaoirleach an Tionscadail, Eolas a Thabhairt do Theaghlaigh, Corcaigh

 

 

 Picture of Katherine O'Leary, Chair of the Cork Informing Families Project

Welcome to the Informing Families web site. I really mean “welcome”.  We have set up this website to give you information that will help and that is practical, supportive and useful. Your child may have been diagnosed with a disability or additional needs, you may be waiting for a diagnosis, or you may be worried that your child might have a disability. If so, this website will help to support and inform you. It has been carefully developed by parents and professionals.

 

Everyone is different

You must remember that each child is an individual and will have different experiences, even if they have the same condition as another child. I am the mother of four children, two of whom have disabilities. My daughter Julie has a physical disability and my son Diarmuid has an intellectual disability. They are both now adults, so take it from me you will cope and you will be happy again. It just takes some time to adjust to this new path ahead. I often wonder why I cried so much in those first few weeks. I now have many occasions to cry with happiness and pride in their achievements. Take one day at a time and gradually you will start to enjoy your baby, while meeting the extra needs that your son or daughter may have.

Take your time with the diagnosis

Everyone deals with the news of their child’s diagnosis differently. The timing of the diagnosis may also differ. It could come during pregnancy or after the birth of the baby, or in some cases months or years later. Whenever it happens, remember that there is lots of information out there. Sometimes this can feel like it is too much, so take your time with the information. We hope that you find this website helpful and are always glad to hear from you.

Katherine O'Leary

Parent, Chairperson Informing Families Project Cork

 

 

Snippet Content 5

Health Service Executive Logo Health Services National Partnership Forum Logo National Federation of Voluntary Bodies Logo 
 

  • Informing Families Project, National Federation of Voluntary Bodies,  Oranmore Business Park,  Oranmore, Galway
  • Phone: +353 (091) 792316
  • Fax: +353 (091) 792317
  • Email: info@informingfamilies.ie
© 2024 Informing Families

Search

Search - Use spaces to separate your keywords
03  Thumbnail1