Míchumas do linbh a insint do dhaoine eile

 

iconPDFPDF | printéirPriontáil |

Deartháireacha agus deirfiúracha

Mar thuismitheoir, tig leatsa an cinneadh is fearr a dhéanamh maidir leis an méid faisnéise faoi mhíchumas do linbh ba cheart duit a thabhairt do do leanaí eile. Braitheann cuid mhór ar a n-aois, a leibhéal tuisceana agus a bhfiosracht. Ná bíodh eagla ort a bheith ag caidreamh le do pháistí a luaithe agus is féidir. Tá sé ceart go leor a thaispeáint dóibh go bhfuil tú brónach más amhlaidh an cás – b’fhéidir go dtabharfaidh siad é seo faoi deara iad féin. Inis dóibh ar bhealach macánta oscailte. B’fhéidir nach dtuigfidh siad ná nach gcuimhneoidh siad ar an bhfaisnéis uile, mar sin, coinnigh ort ag éisteacht agus tabhair freagra ar a gcuid ceisteanna. Lean treoir do leanaí agus tú ag déanamh cinnidh ar an bhfaisnéis eile ar mhaith leat a thabhairt dóibh. B’fhéidir go mbeadh sé úsáideach na frásaí seo a leanas a rá leo:

  • Ní tusa is ciontach leis go bhfuil do dheartháir/do dheirfiúr faoi mhíchumas.
  • Tharla sé de thaisme.
  • D’fhéadfadh sé a bheith níos dearca do leanbh faoi mhíchumas rudaí nua a fhoghlaim. Beidh fonn orthu a bheith páirteach agus na rudaí is maith leatsa a dhéanamh a dhéanamh iad féin, ach b’fhéidir go dtabharfaidh sé níos faide orthu conas é a dhéanamh a fhoghlaim agus b’fhéidir nach mbeidh siad rómhaith aige.
  • Ní féidir míchumas a tholg.
  • Is fíorthábhachtach é deartháireacha agus deirfiúracha a bheith agat.
  • Tá an-ghrá againn duit agus tá grá againn do do dheartháir/do do dheirfiúr freisin.

Leanfaidh do pháistí do threoir. Má chaitheann tú le míchumas amhail is nach bhfuil ann ach gné amháin de shaol do linbh, déanfaidh a ndeartháireacha agus a ndeirfiúracha an rud céanna.

Daoine eile

Féadfaidh sé a bheith an-deacair a insint do do ghaolta agus do do chairde faoi mhíchumas do linbh. Is agatsa amháin atá an t-eolas maidir le cathain agus conas an scéal a insint do dhaoine eile. Seo a leanas roinnt pointí arbh fhiú cuimhneamh orthu:

  • Corruair, beidh ort an scéal a insint do do dhlúthchairde nó do do ghaolta ionas go mbeidh duine éigin agat chun caoineadh a dhéanamh ina c(h)uideachta.
  • Corruair, bíonn sé níos éasca an scéal a insint don chara is suainseánaí leat agus iarraidh orthu an fhaisnéis a scaipeadh ionas go mbeidh daoine ar an eolas faoi sula labhraíonn siad leat.
  • Uaireanta eile, is fearr fanacht go dtí go dtéann tú i dtaithí ar an nuacht tú féin agus go dtí go mbíonn tú in ann ag freagairt an duine eile. Tusa amháin is féidir an cinneadh a dhéanamh faoin méid de scéal do linbh a inseoidh tú do dhuine éigin agus faoi na focail a úsáidfidh tú.
  • Corruair, d’fhéadfadh gaolta, cairde agus daoine a chastar ort rudaí goilliúnacha a rá leat. Déan do dhícheall neamhaird a dhéanamh de na focail seo. Is minic a bhíonn siad bunaithe ar mhíthuiscint.
  • Leanfaidh daoine do threoir. Má bhíonn tusa oscailte, macánta agus dearfach faoin riocht atá ar do leanbh, beidh siadsan oscailte, macánta agus dearfach freisin.
  • B’fhéidir go mbeidh tú an-mhothálach do dhaoine a chasfar ort agus tú amuigh. B’fhéidir nach mbeidh tú cinnte más eol do dhaoine eile go bhfuil do leanbh faoi mhíchumas. Fútsa atá sé é seo a lua nó gan é a lua.

Cliceáil anseo chun an fhaisnéis seo a íoslódáil i mbileog inphriontáilte. 

 

Sonraí faoin Leathanach:
Údar: Curtha in oiriúint le caoinchead ó alt a scríobh Down Syndrome Association na Ríochta Aontaithe, arna fhormheas ag an Meitheal Faisnéise um Eolas a Thabhairt do Theaghlaigh
Dáta a Cruthaíodh An 1 Deireadh Fómhair 2009

 

 

iconPDFPDF | printerPrint |

Brothers and sisters

As a parent, you can decide best how much information you should give your other children about your child’s disability. Much depends on their age, their level of understanding and their curiosity. Do not be afraid to involve your children as soon as possible. It is okay to show them you are hurting if that is the case – they may see this already. Tell them in an honest and open way. They may not understand or remember all the information, so keep listening and answer their questions. Follow your children’s lead in deciding what else to tell them. You may want to say things such as:

  • It's not your fault that your brother/sister has a disability
  • It just happened by chance.
  • Children with a disability may find it harder to learn new things. They will want to join in and do the things you like doing but they might take longer learning how do to it and they may not be good at it.
  • You can't catch a disability.
  • Its very important to have brothers and sisters.
  • We love you very much and we love your brother/sister too.

Your children will follow your lead. If you treat disability as just one aspect of your child's life, their brothers and sisters will too.

Other people

Telling family and friends about your child’s disability can be very hard. Only you know when and how it is best to tell other people. Here are some points to keep in mind.

  • Sometimes you will need to tell close friends or family so you have someone to cry with.
  • Sometimes it is easier to tell the most gossipy of your friends and ask them to pass the information around so that people know before they talk to you.
  • Other times it is best to wait until you have come to terms with the news yourself and are able to cope with the other person’s reaction. Only you can decide how much of your child’s story to tell someone and which words to use.
  • Sometimes family, friends and people you meet say hurtful things. Try to ignore these comments. They are often based on misunderstandings.
  • People will follow your lead. If you are open, honest and positive about your child’s condition they will be too.
  • You may find you are very sensitive to people you meet when you are out and about. You may not be sure if other people know your child has a disability. You can choose whether or not to mention it.

Click here to download this information in a printable leaflet. 

 

Page Details:
Author: Adapted with kind permission from an article written by Down Syndrome Association UK, approved by Informing Families Information Working Group
Date Created 1 October 2009

 

 

Snippet Content 5

Health Service Executive Logo Health Services National Partnership Forum Logo National Federation of Voluntary Bodies Logo 
 

  • Informing Families Project, National Federation of Voluntary Bodies,  Oranmore Business Park,  Oranmore, Galway
  • Phone: +353 (091) 792316
  • Fax: +353 (091) 792317
  • Email: info@informingfamilies.ie
© 2024 Informing Families

Search

Search - Use spaces to separate your keywords
03  Thumbnail1