Siondróim Neamhchoitianta – Contact a Family

Má fáthmheasadh do leanbh maidir le siondróm nó riocht neamhchoitianta, tá líon eagraíochtaí ann ar féidir leo faisnéis agus tacaíocht a thabhairt duit.

D’fhéadfadh suaitheadh mór a bheith ort má bhíonn neamhord neamhchoitianta ar do leanbh agus d’fhéadfadh a lán mothúchán éirí ionat dá bharr. Chomh maith leis sin, d’fhéadfadh sé fonn a spreagadh ionat níos mó eolais a fháil faoin riocht atá ar do leanbh. Tá eagraíochtaí ann ar féidir leo thú a chur i dteagmháil le teaghlaigh a bhfuil leanbh acu faoin riocht céanna, nó le teaghlaigh a bhfuil leanbh acu faoi riochtaí neamhchoitianta eile agus b’fhéidir go mbeadh na heispéiris chéanna ag na teaghlaigh seo agus atá agat féin.
 

Contact a Family

Maidir linne

Tugann Contact a Family tacaíocht, comhairle agus faisnéis do theaghlaigh leanaí faoi mhíchumas, is cuma cén riocht nó míchumas atá orthu. Tá an grúpa den tuairim gur cheart go mbeadh sé de chumas ag na teaghlaigh uile ag a bhfuil leanbh faoi mhíchumas a rogha saoil a bheith acu agus a lánchumas a bhaint amach. Carthanacht chláraithe iad Contact a Family agus tá de bhreis ar 30 bliain taithí acu i dtaca le comhoibriú le leanaí agus le teaghlaigh. Cé go bhfuil siad lonnaithe sa Ríocht Aontaithe, tá a gcuid seirbhísí ar fáil ar líne.

Ár gcuid Seirbhísí

Cuireann Contact a Family an dúrud seirbhísí faisnéise agus tacaíochta ar fáil, lena n-áirítear na cinn seo a leanas:

  • foilseacháin do theaghlaigh agus do ghairmithe a bhíonn ag plé le leanaí faoi mhíchumas – tig leat cóipeanna díobh a fháil saor in aisce ón gcuid, foilseacháin, dá suíomh gréasáin;
  • A-Z d’fhaisnéis faoi riochtaí cuimsitheach, lena n-áirítear a lán siondróim agus riochtaí neamhchoitianta, mar aon le sonraí faoi ghrúpaí tacaíochta sa Ríocht Aontaithe i gcomhair na riochtaí sin; agus
  • comhshuíomh gréasáin, MakingContact.org – ligeann an suíomh gréasáin seo do theaghlaigh ag a bhfuil leanbh faoi mhíchumas, dá gcairde nó do dhaoine fásta faoi mhíchumas daoine eile atá buailte leis an riocht céanna a aimsiú agus dul i dteagmháil leo. San áireamh i mbunachar sonraí teaghlach an tsuímh ghréasáin tá roinnt teaghlach ó Éirinn ag a bhfuil leanaí faoi riochtaí éagsúla neamhchoitianta.

Conas dul i dteagmháil linn

Tig leat dul i dteagmháil leis an ngrúpa tríd an bpost, trí ghlao gutháin, trí ríomhphost nó trí dhul ar líne chuig a suíomh gréasáin ag a n-oifig i Londain nó i mBéal Feirste: 

Londain
Contact a Family,
209-211 City Road,
Londain,
EC1V, 1JN,
An Ríocht Aontaithe.

Guthán: +44 (0)20 7608 8700
Facs: +44 (0)20 7608 8701
R-phost: info@cafamily.org.uk
Suíomh Gréasáin: www.cafamily.org.uk

If your child has been diagnosed with a rare syndrome or condition, there are a number of organisations that can give you information and support.

Having a child with a rare disorder can be a huge shock and can stir up many emotions as well as a desire to learn more about your child's condition. There are organisations who can put you in touch with families who have a child with the same condition, or with families of children with other rare conditions who may be having similar experiences to you.
 

Contact a Family

About us

Contact a Family gives support, advice and information to families of children with disabilities, whatever their condition or disability. The group believes that all families of children with disabilities should be empowered to live the lives they want to and to reach their full potential. Contact a Family is a registered charity and has over 30 years' experience of working with children and families. Although it is based in the UK, its services are all available online.

Our services

Contact a Family offers a wide range of information and support services including:

  • publications for families and professionals who work with children with disabilities - you can download free copies from the publications section of its website;
  • a comprehensive A-Z of information on conditions, including many rare syndromes and conditions, together with details of UK support groups for those conditions; and
  • a sister website MakingContact.org - this website lets the parents of children with disabilities, their friends or adults with disabilities themselves find and contact others affected by the same condition. The website's database of families includes a number of families from Ireland whose children ahve a range of rare disorders.

How to contact us

You can contact the group by post, phone, email or visiting its website at either its London or Belfast office: 

London
Contact a Family,
209-211 City Road,
London,
EC1V, 1JN,
UK.

Telephone: +44 (0)20 7608 8700
Fax: +44 (0)20 7608 8701
Email: info@cafamily.org.uk
Website: www.cafamily.org.uk

Snippet Content 5

Health Service Executive Logo Health Services National Partnership Forum Logo National Federation of Voluntary Bodies Logo 
 

  • Informing Families Project, National Federation of Voluntary Bodies,  Oranmore Business Park,  Oranmore, Galway
  • Phone: +353 (091) 792316
  • Fax: +353 (091) 792317
  • Email: info@informingfamilies.ie
© 2024 Informing Families

Search

Search - Use spaces to separate your keywords
03  Thumbnail1