Teidlíochtaí agus Sochair – Gníomhaireachtaí chun teagmháil a dhéanamh leo

 

Féadfaidh tú a bheith i dteideal réimse teidlíochtaí agus sochar má bhíonn do leanbh faoi mhíchumas. Tá sé mar aidhm leis na teidlíochtaí agus na sochair seo tacaíocht a thabhairt daoibh mar theaghlach agus chun cabhrú le do leanbh a lánchumas a bhaint amach. Cliceáil anseo le haghaidh réamhrá ar Theidlíochtaí agus Sochair.

Tá líon gníomhaireachtaí éagsúla ann a phléann le sochair agus le teidlíochtaí. Tá cuid de na cinn is tábhachtaí curtha san áireamh againn thíos.

Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)

Tugann FSS faisnéis i dtaobh na réimsí seo a leanas:

  • Scéim Íocaíochta Drugaí
  • Scéim Tinneas Fadtéarmach agus Míchumais
  • Cárta Leighis
  • Cárta Cuairte DG
  • Scéim na gClúidíní Saor in Aisce
  • Scéim um Fhorlíonadh Aiste Bia
  • Liúntas Soghluaiseachta
  • Deontas Iompair Mótair
  • Seirbhísí Leasa Pobail

Is féidir leat glao gutháin a chur ar FSS ar ghlao sábhála 1850 24 1850 chun sonraí a fháil faoin áit le hiarratas a dhéanamh, nó dul ar líne chuig a suíomh gréasáin ag www.hse.ie.



An Roinn Coimirce Sóisialaí:

Tugann an Roinn Coimirce Sóisialaí faisnéis i dtaobh na réimsí seo a leanas:

  • Sochar Linbh
  • Liúntas Cúramóra agus Liúntas Cúramóra Leath-ráta
  • Sochar Cúramóra
  • Liúntas Cúram Baile
  • Deontas Cúraim Faoisimh
  • Liúntas Míchumais
  • Pas Saorthaistil
  • Creidiúintí Árachais Shóisialaigh Phá-choibhneasta (ÁSPC)
  • Sochair Teaghlaigh

Is féidir leat glao gutháin a chur ar Cheannoifig na Roinne Coimirce Sóisialaí ar 01-704 3000, nó dul ar líne chuig a suíomh gréasáin ag www.welfare.ie.

 

Na Coimisinéirí Ioncaim

Tugann na Coimisinéirí Ioncaim liúntais agus díolúintí ó chánacha agus ó dhleachtanna áirithe do dhaoine faoi mhíchumas agus dá dteaghlach. Tá siad seo a leanas ina measc:

  • Creidmheas Cánach do Pháiste le hÉagumas
  • Faoiseamh Cánach ar Chostais Sláinte/Leighis (Med 1 agus Med 2)
  • Creidmheas Cánach do Chúramóirí Baile
  • Creidmheasanna Blianta Cúramaithe Baile
  • Faoiseamh ar Fheithiclí do Thiománaithe agus do Phaisinéirí faoi Mhíchumas
  • Liúntais chun Cúramóir a Fhostú

Tá Oifigigh Rochtana ag na Coimisinéirí Ioncaim a threoraíonn agus a chabhraíonn le daoine faoi mhíchumas agus lena dteaghlach seirbhísí na gCoimisinéirí Ioncaim a rochtain. Cliceáil anseo chun faisnéis bhreise a fháil faoi na hOifigigh Rochtana nó cuir scairt ar  (01) 633 08 83. 

Tá faisnéis i roinnt teangacha ar fáil ar shuíomh gréasáin na gCoimisinéirí Ioncaim, agus tá cuid ar leith a phléann le míchumas

Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoin méid seo thuas, téigh ar líne chuig suíomh gréasáin na gCoimisinéirí Ioncaim ag www.revenue.ie.
 

Tabhair faoi deara:

De réir mar a athraíonn rátaí íocaíochta agus ainmneacha scéime le himeacht ama, tig leat na rátaí is nuaí a fháil maidir leis na teidlíochtaí agus na sochair ar Shuíomh Gréasáin an Bhoird um Fhaisnéis do Shaoránaigh
 

Sonraí faoin Leathanach:
Údar: Comhordaitheoir Tionscadail Eolas a Thabhairt do Theaghlaigh agus Chumas Éireann
Dáta a Cruthaíodh An 1 Deireadh Fómhair 2009
Dáta a Athbhreithníodh An 3 Márta 2011



 

You may be entitled to a range of entitlements and benefits if your child has a disability. These entitlements and benefits aim to support you as a family and to help your child reach their full potential. Click here for an introduction to Entitlements and Benefits.

There are several different agencies that deal with benefits and entitlements. We have listed some of the important ones below.

The Health Service Executive (HSE)

The HSE gives information on the:

  • Drug Payments Scheme
  • Long-Term Illness and Disability Scheme
  • Medical Card
  • GP Visit Card
  • Free Nappies Scheme
  • Diet Supplement Scheme
  • Mobility Allowance
  • Motorised Transport Grant
  • Community Welfare Services

You can phone the HSE on callsave 1850 24 1850 for details on where to apply, or visit its website at www.hse.ie.



The Department of Social Protection:

The Department of Social Protection gives information on the:

  • Child Benefit
  • Carer’s Allowance and Half-Rate Carer’s Allowance
  • Carer’s Benefit
  • Domiciliary Care Allowance
  • Respite Care Grant
  • Disability Allowance
  • Free Travel Pass
  • Pay Related Social Insurance (PRSI) Credits
  • Household Benefits

You can phone the Department of Social Protection Head Office on 01-704 3000, or visit its website at www.welfare.ie.

 

The Revenue Commissioners

The Revenue Commissioners gives allowances and exemptions from certain taxes and duties for people with disabilities and their families. These include the following:

  • Incapacitated Child Tax Credit
  • Health/Medical Expenses Tax Relief (Med 1 and Med 2)
  • Home Carer’s Tax Credit
  • Homemaker’s Years Credits
  • Relief on Vehicles for Drivers and Passengers with Disabilities
  • Allowances for Employing a Carer

The Revenue Conmissioners have Access Officers who assist and guide people with disabilities and their families to access the services of the Revenue Commissioners. Click here to see further information on the Access Officers or telephone  (01) 633 08 83. 

Information in several languages is available on the website of the Revenue Commissioners, and there is a specific section that deals with disability

For more information on the above, visit the Revenue Commissioners' website at www.revenue.ie.
 

Please note:

As payment rates and scheme names change over time, you can find the most up to date rates for the entitlements and benefits on the Citizens Information Website
 

Page Details:
Author: Enable Ireland & Informing Families Project Co-ordinator
Date Created 1 October 2009
Date  Reviewed 3 March 2011



 

Snippet Content 5

Health Service Executive Logo Health Services National Partnership Forum Logo National Federation of Voluntary Bodies Logo 
 

  • Informing Families Project, National Federation of Voluntary Bodies,  Oranmore Business Park,  Oranmore, Galway
  • Phone: +353 (091) 792316
  • Fax: +353 (091) 792317
  • Email: info@informingfamilies.ie
© 2024 Informing Families

Search

Search - Use spaces to separate your keywords
03  Thumbnail1