Cónaidhm Náisiúnta na gComhlachtaí Deonacha

Maidir linne

Brateagraíocht náisiúnta le haghaidh gníomhaireachtaí deonacha agus neamhreachtúla iad Cónaidhm Náisiúnta na gComhlachtaí Deonacha a Sholáthraíonn Seirbhísí do Dhaoine faoi Mhíchumas Intleachta a thugann seirbhísí díreacha do dhaoine faoi mhíchumas intleachta. Tá 62 balleagraíocht acu ar fud na hÉireann a thugann seirbhísí do 22,000 duine faoi mhíchumas intleachta agus dá dteaghlaigh.

Oibríonn an Chónaidhm Náisiúnta ar bhonn ceithre phríomhphrionsabal – go bhfuil na cearta a leanas ag daoine faoi mhíchumas intleachta:

  • go mbeidh gnáthshaol acu ina bpobal féin;
  • go gcaithfear leo mar dhuine aonair le dínit agus meas;
  • go dtabharfar tacaíocht dóibh chun a lánchumas a bhaint amach; agus
  • go nglacfaidh siad páirt i ndéanamh cinntí a dhéanann difear dá saol.

Ár gcuid Seirbhísí

Cuireann Cónaidhm Náisiúnta na gComhlachtaí Deonacha seirbhísí ardchaighdeáin ar fáil a dhíríonn ar an duine agus déanann siad iad a fhorbairt. Soláthraíonn mórán dá mballeagraíochtaí luathsheirbhísí. Más maith leat a fháil amach má chuireann an Chónaidhm Náisiúnta seirbhísí leanaí ar fáil i do cheantar, cliceáil anseo chun amharc ar a léarscáil de sholáthraithe seirbhíse. Cuireann Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte luathsheirbhísí ar fáil go díreach i gcorrcheantar.

Déanann an Chónaidhm Náisiúnta tréaniarracht comhdheiseanna a chur chun cinn do dhaoine faoi chineálacha míchumas intleachta trí ghníomhaíochtaí ar nós na gceann seo a leanas:

  • faisnéis a roinnt;
  • taighde ardchaighdeáin a fhorbairt chun fianaise a thairiscint agus chun dea-chleachtas náisiúnta agus idirnáisiúnta a chomhlíonadh;
  • brústocaireacht a dhéanamh ar bhonn náisiúnta agus idirnáisiúnta; agus
  • comhoibriú le heagraíochtaí tathanta do dhaoine faoi mhíchumas intleachta.

Rinne Cónaidhm Náisiúnta na gComhlachtaí Deonacha forbairt ar na Treoirlínte Dea-chleachtais maidir le hEolas a Thabhairt do Theaghlaigh agus ar an suíomh gréasáin seo (www.informingfamilies.ie) mar chuid dá n-obair mar thacadóirí daoine faoi mhíchumas agus a dteaghlach.

Conas dul i dteagmháil linn

Tig leat dul i dteagmháil le Cónaidhm Náisiúnta na gComhlachtaí Deonacha tríd an bpost, trí ghlao gutháin, trí ríomhphost nó trí dhul ar líne chuig a suíomh gréasáin:

Cónaidhm Náisiúnta na gComhlachtaí Deonacha,
Páirc Gnó Órán Mór,
Órán Mór,
Contae na Gaillimhe,
Éire.

Guthán:  +353 (91) 792316
R-phost: info@fedvol.ieinfo@informingfamilies.ie
Suíomh Gréasáin: www.fedvol.ie.

 

About us

The National Federation of Voluntary Bodies Providing Services to People with Intellectual Disability is a national umbrella organisation for voluntary and non-statutory agencies that give direct services to people with intellectual disability. It has 62 member organisations thorughout Ireland that deliver services to 22,000 people with an intellectual disability and their families.

The National Federation works on the basis of four main principles - that people with an intellectual disability have the right to:

  • live an ordinary life in their own community;
  • be treated as an individual with dignity and respect;
  • get support in developing their highest potential; and
  • take part in decisions affecting their lives.

Our services

The National Federation of Voluntary Bodies offers and develops high quality, person-centred services. Many of its member organisations deliver early services. If you want to see if the National Federation offers children's services in your area, you can click here to see its map of service providers. Early Services in some areas are provided directly by the HSE.

The National Federation also seeks to promote equal opportunities for people with intellectual disabilities through activities such as:

  • sharing information;
  • developing quality research to offer evidence and meet national and international best practice;
  • lobbying on a national and international basis; and
  • working with advocacy organisations for people with an intellectual disability.

The Informing Families Best Practice Guidelines and this website (www.informingfamilies.ie) were developed by the National Federation of Voluntary Bodies as part of their work as advocates for people with disabilites and their families. 

How to contact us

You can contact the National Federation of Voluntary Bodies by post, phone, email or by visiting its website:

National Federation of Voluntary Bodies,
Oranmore Business Park,
Oranmore,
Co. Galway,
Ireland.

Telephone:  +353 (91) 792316
Email: info@fedvol.ie or info@informingfamilies.ie
Website: www.fedvol.ie.

 

Snippet Content 5

Health Service Executive Logo Health Services National Partnership Forum Logo National Federation of Voluntary Bodies Logo 
 

  • Informing Families Project, National Federation of Voluntary Bodies,  Oranmore Business Park,  Oranmore, Galway
  • Phone: +353 (091) 792316
  • Fax: +353 (091) 792317
  • Email: info@informingfamilies.ie
© 2024 Informing Families

Search

Search - Use spaces to separate your keywords
03  Thumbnail1